Mar a casadh an boscadóir clúiteach ar Sheán nuair a bhí sé ina chónaí in Fife. Bhí Seán ag obair in Cupar in Fife roimh na seascaidí. Chuala sé iomrá ar Jimmy Shand. Casadh air é lá amháin agus é amuigh ag siúl. Bhí cónaí ar Sheán san am ag a chol ceathrar agus bhí Jimmy ina chónaí lena theaghlach suas an bealach mór uaidh.
Bhí ceolchoirm Andy Stewart ann oíche amháin a chuaigh siad uilig aige, bhí Jimmy Shand ansin fosta.